Cogadh na Murascaille
Cogadh na Murascaille | |||
Dáta: | 2 Lúnasa 1990 – 28 Feabhra 1991 | ||
Áit: | An Iaráic, Cuáit, an Araib Shádach agus Murascaill na Peirse | ||
Toradh: | Bua ag na gcomhghuaillithe | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
Taismigh | |||
|
Coimhlint sa 20ú haois idir an Iaráic, agus comhghuaillíocht de 35 tír, ab ea Cogadh na Murascaille (2 Lúnasa 1990 – 28 Feabhra 1991), mar fhreagra ar fhorghabháil Chuáit ag Arm na hIaráice.
I ndiaidh dó cogadh a throid sna 1980idí i gcoinne na hIaráine, rinne Uachtarán na hIaráice Saddam Hussein, ionradh ar Chuáit in 1990. Spreag sé seo Cogadh na Murascaille in 1990-1991, cogadh a chaill an Iaráic.[1]
Cogadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1990idí chuir imeachtaí sa Mheánoirthear agus i lár na hÁise imní ar chuid mhór daoine i dtíortha san Iarthar. Chríochnaigh an cogadh idir na Sóivéaigh agus na hAfganastánaigh san Afganastáin in 1989, rud a d’fhág folús contúirteach polaítíúil ann. Thit an tAontas Sóivéadach as a chéile agus ar leagadh Balla Bheirlín. Tugadh an Cogadh Fuar chun críche. Rinneadh athaontú ar an nGearmáin.[2]
Cogadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an cogadh ar an 2 Lúnasa 1990 nuair a rinne fórsaí Iarácacha de chuid an deachtóra Saddam Hussein ruathar ar a chomharsa Cuáit. Bhuail an beart siúd le géarcháineadh idirnáisiúnta agus dhaor Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe smachtbhannaí eacnamaíocha as ar an toirt.
Meigleamáineach agus ag dul thar fóir, rinne Saddam míléamh ar an fhreagairt san Iarthar, agus mí-áireamh ar na costais.
Ba é George HW Bush a d’fhógair "Operation Desert Storm". Rinne sé éacht 35 tír a mhealladh le bheith páirteach sna hionsaithe sa Mheánoirthear.[3] Déarfadh daoine áirithe ag an am "gur mó baint a bhí ag an gCogadh le soláthar ola a chosaint ná leis na gCuáit a chosaint."[2]
Bhí fórsaí na gcomhghuaillithe faoi stúir na Stát Aontaithe Mhericeá agus bhí an Ríocht Aontaithe go mór chun cinn chomh maith.[4] Bhí cuid mhaith den troid á chraoladh ag stáisiún teilifíse nua, CNN, rud a chur iontas ar dhaoine ag an am, "faoi gheasa ag an trodaíocht aeir a bhí ar an teilifís ó oíche go maidin ag an am."[2]
Bua agus iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra 1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Níor lean siad orthu isteach san Iaráic chun Hussein a ghabháil.
Tharla tubaiste éiceolaíoch agus Arm na hIaráice ag teitheadh ó Chuáit; scriosadh na tobair ola a bhí go flúirseach sa tír.
Tar éis Cogadh na Murascaille, bhí cuid mhór daoine buartha go raibh Saddam Hussein go fóill ag leanúint leis ag tógáil airm ollscriosta.
D’fhág an cogadh an réigiún ina phraiseach. Thug Bush ugach do leithéidí phobal na gCoirdíneach féinriail a lorg. Ach spreag sé sin Saddam Hussein le cinedhíothú a dhéanamh ar an bpobal.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ccea.org.uk. "Stair GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Máirín Ní Ghadhra. "‘An raibh tú ag breathnú ar an gCogadh aréir?’ – súil ar oidhreacht George Bush" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-28.
- ↑ "Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir Tom Lantos dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainne — bréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille.̊ Maidhc Ó Cathail - (2011). "An bhFuil Daonlathas i nDán don Mheánoirthear?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-28.
- ↑ Seosamh Ó Cuaig. "An oíche a phléamar George Bush agus cogadh na Murascaille i dteach ar Mhachaire Mhinnesota" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-28.