Coimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí
Cineál | coinbhleacht armtha border conflict (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Hezbollah–Israel conflict (en) agus spillover of the Israel–Hamas war (en) | ||||
Tréimhse | 8 Deireadh Fómhair 2023 - | ||||
Dáta na bliana | 2020í | ||||
Suíomh | Baalbek, An Liobáin An Ghailíl, Iosrael Arda Golan Har Dov, Iosrael (en) Shebaa farms, Iosrael (en) , Northern District, Iosrael (en) South Governorate, An Liobáin (en) Nabatieh Governorate, An Liobáin (en) | ||||
Tír | Iosrael, an Liobáin agus an tSiria | ||||
Alim Abdallah (en) | |||||
Rannpháirtí | |||||
Meán cumarsáide | |||||
Codanna | |||||
Bhí coimhlint trasteorann ar siúl idir Hezbollah agus Iosrael ó thosaigh an Cogadh Iosrael-Gaza i mí Dheireadh Fómhair 2023. Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí mór, gan choinne, ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.[1][2] Tá Hezbollah na Liobáine ar son chúis na Palaistíne agus cuireadh tús leis an gCoimhlint Iosrael–Hezbollah an lá dár gcionn, ar an 8 Deireadh Fómhair 2023, nuair a thosaigh Hezbollah ag scaoileadh roicéad le Tuaisceart Iosrael, ag ionsaí bailte agus sráidbhailte i ndlúthpháirtíocht leis na Palaistínigh.
2023 - Lúnasa 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lean an bombardú ar aghaidh ar feadh 2023/2024 agus de réir a chéile thug daoine a bhí ina gcónaí i dTuaisceart Iosrael aghaidh ó theas agus iad ar a dteitheadh ón mbombardú.
Mhaígh Hezbollah ag an am go raibh na hionsaithe dírithe ar bhunáiteanna míleata i dtuaisceart Iosrael agus gur mar fhreagra ar “ionsaithe naimhdeacha” a bhí siad.[3][4]
Sin ráite, bhí Hezbollah ag an am dírithe ar ghreim a choimeád ar a gcuid cumhachta, go háirithe i ndeisceart na Liobáine agus ní raibh fonn orthu an chumhacht sin a chur i mbaol ná dul i mbun cogaíochta i gcoinne Iosrael ar son Hamas. Ní raibh fonn ach oiread ar na hIosraelaigh le linn 2023 cogadh dearg a fhógairt i gcoinne Hezbollah.[5]
Le linn 2024, bhain Iosrael úsáid as an aerfhórsa chun armlanna Hezbollah a ionsaí go rialta. D’éirigh le Iosrael roinnt ceannairí Hezbollah a fheallmharú agus chuir sé sin go mór leis an teannas sa réigiún.[6] Tharla go leor eachtraithe eile, mar shampla an 13 Eanáir.[7]
Meán Fómhair 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghéaraigh an foréigean go tréan i rith mhí Mheán Fómhair 2024.[8] B'fhéidir go raibh 60,000 duine curtha as seilbh i mí Mheán Fómhair 2024.[9] Mhaígh Iosrael fiú go bhfuil milliúin dá chuid saoránach ag teitheadh chuig foscadáin buamála i Haifa i dtuaisceart na tíre, ag éalú ó ionsaithe Hezbollah.[6]
Dúirt na húdaráis in Iosrael gurb í an aidhm a bhí acu leis an bhfeachtas buamála de chuid Hezbollah na mílte lonnaitheoirí Iosraelacha - a ruaigeadh as a gceantair sa tuaisceart - a thabhairt ar ais ansin.[3] Bhagair Iosrael ionsaí a dhéanamh ar an talamh i ndeisceart na Liobáine in iarracht na trodaithe de chuid Hezbollah a ruaigeadh as ceantar na teorann idir an dá thír.
Ar an 17 agus 18 Meán Fómhair 2024, phléasc Iosrael na mílte glaoire agus siúlscéalaití sa Liobáin agus sa tSiria.[10] Cuireadh an córas cumarsáide de chuid Hezbollah as feidhm dá bharr. Ag an am céanna, thionscain Iosrael feachtas forleathan imeaglaithe agus bhí pobal uilig na Liobáine scanraithe ar fad.
Ar an 19 Meán Fómhair, rinne fórsaí Iosrael ionsaithe buamála ar ionaid i ndeisceart na Liobáine le cneá oscailte Hezbollah a shailleadh.[11][12]
Ar an 22/23 Meán Fómhair, chomhairligh Iosrael do mhuintir na Liobáine a gcuid bailte a fhágáil sula ndéanfaí an ráig aerionsaithe. Cuireadh b'fhéidir 80,000+ glaoch gutháin uathoibrithe go dtí daoine atá ina gcónaí sa Liobáin, agus i bhfad níos mó SMS, ag rá leo an áit a fhágáil. Dúirt ceannasaí Ogero, comhlacht teileachumarsáide stát na Liobáine, gur sórt “cogadh síceolaíoch” a bhí ar bun ag Iosrael leis na glaonna sin “chun cíor thuathail agus mearbhall” a chothú.[13] Thug Iosrael foláireamh do phobail na Liobáine gan fanacht gar do na "spriocanna" Hezbollah, mar a thug siad orthu. Thosaigh roinnt mhaith daoine sa deisceart na tíre agus i mBéiriút ag tabhairt aird ar an bhfoláireamh agus iad ag bailiú éadaí agus soláthairtí le tabhairt faoi thuras ó thuaidh nó faoin tuath.[14]
Ar an 23 Meán Fómhair, rinneadh Iosrael ionsaí ollmhór ar Bhéiriút agus ar bhailte móra eile sa Liobáin. Dúirt lucht míleata Iosrael go raibh ionsaí a raibh "targaid ar leith" leis déanta acu. Mhaígh an FCI (Fórsa Cosanta Iosrael) gur bhuail siad 1,600 targaid a raibh baint acu le "sceimhlitheoireacht" de chuid Hezbollah sa Liobáin.[3][14] Bhí na hionsaithe dírithe "ar láithreacha ina raibh treallchogaithe" Hezbollah lonnaithe.
Maraíodh ar a laghad 558 duine (50 páiste agus 94 bean ina measc), de réir ráiteas ó aireacht sláinte na Liobáine (maraíodh níos mó daoine ná mar a maraíodh in aon lá amháin ó deireadh an chogaidh chathartha sa Liobáin i 1990).[3] Mhaígh na hIosraelaigh, mar is ghnáth, go raibh a gcuid buamaí dírithe ar chomhaltaí de Hezbollah agus ar bhonneagar míleata na heagraíochta sin. Ach bhí an damáiste comhthaobhach thar a bheith tábhachtach.[15]
An lá dár gcionn, scaoil Hezbollah diúracán balaistíoch le cathair Tel Aviv, don chéad uair riamh, i gcaitheamh na hoíche ach scrios Arm Iosrael é sular bhain sé sprioc amach (tá córas aerchosanta an-sofaisticiúil ag Iosrael).[16][15]
Ar an 27 Meán Fómhair maraíodh ceannasaí de chuid Hezbollah, Hassan Nasrallah agus ceannairí eile.[17] Dúirt Antony Blinken go raibh an domhan níos sábháilte ó d'fheallmharaigh na hIosraelaigh Nasrallah."Sceimhlitheoir brúidúil" ab ea Nasrallah, arsa sé.[18]
Maraíodh ceannaire na heagraíochta Hamas, Fateh Sherif Abu el-Amin, sa Liobáin nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael campa teifeach Palaistíneach i gcathair na Tuíre i ndeisceart na tíre. Maraíodh, a bhean chéile, a n-iníon agus a mac chomh maith leis sin san ionsaí.
Maraíodh triúr comhaltaí sinsearacha den eagraíocht "Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne" sin in ionsaí buamála i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút.
Theith b'fhéidir milliún duine óna mbailte, sin an cúigiú cuid de dhaonra na tíre i rith mhí Mheán Fómhair 2024. Deir na Náisiúin Aontaithe gur theith 100,000 duine ón Liobáin ó thosaigh na hIosraelaigh ag buamáil na tíre sin go tréan. Is chun na Siria a theith an chuid is mó acu. Maraíodh os cionn 1,000 duine sa Liobáin de bharr bhuamáil na nIosraelach le linn an tréimhse sin.[19]
Dúirt Príomhaire na Liobáine, Najib Mikati[20] go raibh an dílárú daonna is mó riamh feicthe ag an tír. Agus é ag caint i Nua-Eabhrac os comhair na Náisiún Aontaithe, chuir sé i leith Iosrael inniu go raibh "cogadh cinedhíothach" ar bun acu agus ghríosaigh sé an pobal idirnáisiúnta chun stop a chur leo.[21]
Deireadh Fómhair 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Iosrael ionradh talún ar an Liobáin i dtús Dheireadh Fómhair.
Cuireadh as seilbh 1,200,000 de bharr an chogaidh (daonra 5.4 mhilliún sa tír). Bhí fógra tugtha ag fórsaí míleata Iosrael sa Liobáin do 1.3 milliún imeacht gan mhoill.[22] Bhí fógraí imeachta á n-eisiúint go rialta ag fórsaí míleata Iosrael. Is minic a thugann na hIosraelaigh fógra imeachta do dhaoine i gceantair ar leith ach tá sé de nós acu freisin ceantair eile a ionsaí gan choinne ag an am céanna.[23][24]
Mhaígh tuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe go raibh córas sláinte na Liobáine á scríosadh in aon turas ag na hIosraelaigh.[25][26] Bhí sé curtha i leith na nIosraelach ag Coimisinéir an Aontais Eorpaigh, Janez Lenarcic, go raibh Iosrael ag marú oibrithe fóirithinte sa Liobáin agus in Gaza araon.[23]
Ar an 17 Deireadh Fómhair, dúirt Hezbollah go raibh tús curtha acu le "céim nua" ina gcogadh i gcoinne Iosrael, ag scaoileadh diúracán beacht-dírithe le fórsaí Iosrael den chéad uair.[27]
Straitéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cumas míleata an-lag ar Hezbollah in 2024, nó sin a cheap Rialtas Iosrael. Cé gur bunaíodh Hezbollah mar ghluaiseacht frithbheartaíochta i gcoinne ionradh na n-Iosraelach ar an Liobáin i 1982, creideann na hIosraelaigh go dtacaíonn an Iaráin leo ionas gur féidir léi iad a úsáid má dhéantar ionsaí ar an Iaráin féin. Tá siad den tuairim go mbeidh na hIaránaigh ag iarraidh cumas míleata Hezbollah a chaomhnú a oiread agus is féidir agus gan an choimhlint a leathnú níos mó ná mar is gá.[28]
Mar gheall air seo agus toisc go gcreideann Iosrael go bhfuil ceannasaíocht Hezbollah chomh lag sin anois (agus nach mbeidh fonn na Meiriceánaigh iad a stopadh), measann Iosrael go bhfuil an deis acu stop a chur le hionsaithe diúracán faoi dheireadh is faoi dheoidh.[28]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá saighdiúirí Éireannacha ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine (UNIFIL). Cháin an Taoiseach an foréigin ón dá thaobh idir Iosrael agus Hezbolladh.[29]
I dtús Dheireadh Fómhair 2024, bhí an IDF lonnaithe 100 méadar ó ionad faire leis na saighdiúirí Éireannacha. Bhí feachtas forleathan imeaglaithe ar bun ag Iosrael. D'iarr an tUachtarán Biden agus António Guterres araon ar na hIosraelaigh gan drannadh leis na hÉireannaigh. Ar an 9 Deireadh Fómhair, tharraing saighdiúirí Iosraelacha siar ón áit a bhfuil na hÓglaigh bunaithe.[30] Ach ar an 10 Deireadh Fómhair, scaoil Fórsaí "Cosanta" Iosrael airtléire agus piléir le trí ionad éagsúla ina raibh saighdiúirí de chuid na Náisiún Aontaithe. Gortaíodh beirt agus scriosadh ceamaraí slándála de chuid na NA de bharr na n-ionsaithe.[31] Ar an 13 Deireadh Fómhair, chuaigh tancanna le hArm Iosrael isteach in ionad de chuid fhórsa síochána na Náisiún Aontaithe. Scriosadh príomhgheata an ionaid agus d'fhan na hIosraelaigh ann ar feadh 45 nóiméad.[32]
Bhí na hIosraelaigh ag éileamh ar na Náisiúin Aontaithe tarraingt amach as an Liobáin, an aidhm a bhí leis an imeaglú a bhí siad a dhéanamh ar an bhfórsaí idirnáisiúnta. Mhaígh Airí Rialtais Iosrael gur fórsa gan mhaith atá sna Náisiúin Aontaithe mar go raibh teipthe orthu daoine i dtuaisceart Iosrael a chosaint.[32]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Os cionn 1,100 duine marbh sa choimhlint idir Hamas agus Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-10-09). Dáta rochtana: 2023-10-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-10-09). "Léigear iomlán ordaithe ag Aire Cosanta Iosrael ar Stráice Gaza" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Tuairisc.ie (2024-09-24). "Stad ar bith ar ionsaithe Iosrael ar an Liobáin – 560 duine marbh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-18). "'Gairis phléascacha curtha i nglaoirí póca sular ceannaíodh iad'" (as ga-IE).
- ↑ Máirtín Ó Duibhir (20 Deireadh Fómhair 2023). "Cúis na síochána curtha siar go ceann i bhfad ag an bhfáinne fí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ 6.0 6.1 Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ Bertie Ó hAinmhire (14 Eanáir 2024). "‘Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille’ – 100 lá d’ionsaithe ar Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ Raidió na Gaeltachta RnaG (2024-09-23). "An Ceannfort Frank Reidy, saineolaí míleata agus taidhleoireachta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ "Israel sets new war goal of returning residents to the north" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ "Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-18). Dáta rochtana: 2024-09-18.
- ↑ "Ionsaithe buamála déanta ag Iosrael ar dheisceart na Liobáine" (as ga) (2024-09-19).
- ↑ Raidió na Gaeltachta RnaG (2024-09-20). "Seosamh Mac Donncha - Iar Cheannfort Airm." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ "Os cionn 270 duine maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-23). Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ 14.0 14.1 Nuacht RTÉ (2024-09-23). "274 marbh, 1,000 gortaithe in ionsaí Iosrael ar an Liobáin" (as ga-IE).
- ↑ 15.0 15.1 Nuacht RTÉ (2024-09-25). "Oibrithe leis na Náisiúin Aontaithe i measc na marbh sa Liobáin" (as ga-IE).
- ↑ "Hezbollah fires first-ever ballistic missile near Tel Aviv, central Israel | NHK WORLD-JAPAN News" (en). NHK WORLD. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-29). "An Liobáin i mbaol ó ghéarchéim dhaonnúil" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-30). "'Iosrael chun ionradh teoranta a dhéanamh ar an Liobáin'" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-30). "An Liobáin: 100,000 teite, líon na marbh ag dul ó chomhaireamh" (as ga-IE).
- ↑ "Najib Mikati" (as en) (2024-09-29). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Na scórtha taidhleoir siúlta amach agus Netanyahu ag labhairt" (as ga-IE).
- ↑ middleeastmonitor.com (2024-10-16). "Israel orders over 25% of Lebanon to evacuate amid invasion, UN says …". archive.fo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-10-16. Dáta rochtana: 2024-10-18.
- ↑ 23.0 23.1 Nuacht RTÉ (2024-10-17). "Bonneagar fóirithinte sa Liobáin á scriosadh ag fórsaí Iosrael" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-16). "Baile Nabatiyeh sa Liobáin 'ina chaor thine' de bharr a bhuamála" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-11). "22 duine maraithe, 117 leonta ag fórsaí Iosrael i mBéiriút" (as ga-IE).
- ↑ Náisiúin Aontaithe (2024-10-10). "Lebanon crisis: Health workers and facilities ‘targeted or hit’ | UN News" (en). news.un.org. Dáta rochtana: 2024-10-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-18). ""Deireadh an chogaidh in Gaza ag druidim le hIosrael" - Netanyahu" (as ga-IE).
- ↑ 28.0 28.1 Máirtín Ó Duibhir (7 Deireadh Fómhair 2024). "Bliain ó thús an chogaidh in Gaza, níor éirigh le hIosrael Hamas a scrios, ach is ar Hezbolladh atá a n-aird anois" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-18.
- ↑ Tús Áite, le Angus Lambkin Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe. (25 Meán Fómhair 2024). "Tús Áite: An Liobáin" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-09). "Iosraelaigh tarraingthe siar ó ionad faire na nÉireannach" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-10). "Airtléire scaoilte ag Iosraelaigh leis na Náisiúin Aontaithe" (as ga-IE).
- ↑ 32.0 32.1 Nuacht RTÉ (2024-10-14). "Ár ar muin áir sa Liobáin, díbirt agus ocras in Gaza" (as ga-IE).