Nítriglicrín
Cuma
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 227.003 Da |
Fionnachtaí nó aireagóir | Ascanio Sobrero |
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh | 1847 |
Ról | nitric oxide donors (en) , soitheachleathóir, substaint phléascach agus cógas |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₃H₅N₃O₉ |
SMILES canónta | Model 2D C(C(CO[N+](=O)[O-])O[N+](=O)[O-])O[N+](=O)[O-] |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 1.6 g/cm³ (a 20 °C) |
Tuaslagthacht | 0.1 g/100 g (uisce, 20 °C) |
Pointe leáite | 13 °C 13 °C |
Pointe dianscaoilte | 60 °C (uasmhéid) 50 °C (íosmhéid) |
Galbhrú | 0.0003 mmHg (a 20 °C) |
Guais | |
Short-term exposure limit (en) | 0.1 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
Uasteorainn nochta | 2 mg/m³ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 75 mg/m³ |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () | |
Eile | |
leacht inlasta |
Is éard is nítriglicrín[1] (nó tríníotráit phrópán-1,2,3-trí-ile[2]) ann ná leacht pléascach a dhéantar le gníomhú aigéid nítriúil (measctha le haigéad sulfarach) le gliocról.
Nuair a rinne an ceimicí Iodálach Ascanio Sobrero (1812-1888) den chéad uair é i 1846, ceapadh go raibh sé inláimhsithe go sábháilte ar éigin, bíodh is gur úsáideadh é beagán le láimhseáil an-chúramach. Ach thaispeáin Alfred Nobel i 1867 conas a láimhseáil a dhéanamh níos sábháilte le ceimiceáin mhaolaithe a mheascadh leis, agus mar thoradh, d'éirigh an nítriglicrín an-choitianta. Is comhábhar é in an-chuid pléascán measctha, cosúil le geilignít. Sa mhíochaine, tugann ionanálú a ghaile maolú tapa ar phianta aingíne chléibh.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): nitroglycerin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-05-03.
- ↑ http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=propane-1%2c2%2c3-triyl+trinitrate&lang=3116649
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nítriglicrín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 486.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |