Falscaithe san Astráil, 2019-2020
| ||||
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Australian bushfire season | |||
---|---|---|---|---|
Cineál | Australian bushfire season (en) tubaiste tonn teasa | |||
Tréimhse ama | 2019-2020 one-year-period (en) | |||
Suíomh | Tasman District, An Nua-Shéalainn (en) Kangaroo Island, South Australia (en) | |||
Tír | an Astráil | |||
Líon básanna | 445 | |||
Damáistithe | áitreabh (28 Eanáir 2020) 1,915 foirgneamh (28 Eanáir 2020) | |||
Scriosta | 2,399 áitreabh (28 Eanáir 2020) 5,263 foirgneamh (28 Eanáir 2020) | |||
Tharla falscaithe ollmhóra san Astráil le linn samhradh 2019-2020. Bhí na céadta tine ar lasadh in oirdheisceart na tíre.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig méadú ar an meánteocht samhraidh ar fud na tíre sna 2000idí,[1] agus níor taifeadadh riamh aon séasúr ba theo ná tús an tsamhraidh in 2019.[2] Ba í an bhliain 2019 an bhliain ba thirime san Astráil ó 1900 i leith agus an bháisteach 40% níos ísle ná an meánmhéid.
2009
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair suas le 173 duine bás i mí Feabhra 2009 de bharr na dtinte san Astráil.[3] Bhí bailte i Victoria dóite go hiomlán agus bhí na mílte acra talún scriosta. Dúirt Príomh-Aire na hAstráile ag an am gur dúnmharfóirí iad na daoine a thosaigh na tinte d'aon turas.[4]
2019
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na tinte coille ag dó le roinnt míonna, idir Lúnasa agus Nollaig 2019, ach chuaigh i ndonas i mí na Nollaig 2019 i ngeall ar an teas mór. Bhí gaoth láidir á scaipeadh freisin. Theip ar shéasúr na báistí arís agus bhí an scrobarnach í chomh tirim le sponc.
I ndeireadh na bliana, am Nollag, bhí na mílte daoine sáinnithe ar thránna tar éis dóibh teitheadh ó thinte coille atá ag réabadh leo sa réigiún. Ar 30 Nollaig 2019, bhí os cionn 4,000 duine - idir thurasóirí agus dhaoine áitiúla - sáinnithe ar an gcladach i mbaile Mallacoota.[5] 526 ciliméadar ó dheas ó chathair Sydney mar gheall ar an loscadh mór. Bhí tearmann faighte ag daoine ar thránna eile feadh an chósta freisin agus bhí daoine áirithe in ann teitheadh i mbáid. Ar an lá céanna, iarradh ar 100,000 duine teitheadh ó chúig fho-bhaile i gcathair Melbourne.[6]
Costas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir Nollaig 2019-Feabhra 2020, maraíodh 34 go díreach agus 434 go hindíreach (ionanálú deataigh, asma srl). Ní raibh lucht fóirithinte in ann dul chomh fada le daoine a bhí sáinnithe in áiteanna i stáit New South Wales agus Victoria.[7] Bhí baol tinte ag cur isteach ar dheisceart na hAstráile agus ar an Tasmáin chomh maith.[8]
Loisceadh réimse leathan foraoise agus bhí na milliún heicteár talún scriosta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ The facts about bushfires and climate change, Climate Council, 13 Mí na Samhna 2019
- ↑ Climate of the Nation2019, The Australia Institute, lch 3.
- ↑ "Black Saturday bushfires" (as en) (2023-06-07). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2009-02-09). "Cinnlínte Nuachta" (as ga-IE).
- ↑ Cé gur baile beag é Mallacoota, tugann na mílte cuairteoirí aghaidh ar an áit aimsir na Nollag.
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-12-31). "Na mílte ag teitheadh ó thinte coille san Astráil" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-01-01). "15 duine ar a laghad maraithe de bharr na dtinte san Astráil" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-12-30). "Oibrí dóiteáin deonach tar éis bháis san Astráil" (as ga-IE).