Threskiornithidae
Tacsanomaíocht | |
---|---|
Aicme | Aves |
Ord | Pelecaniformes |
Fine | Threskiornithidae Richmond, 1917 |
Cuimsíonn an fhine Threskiornithidae 34 speiceas lapaire mór. Go traidisiúnta, rangaíodh an fhine ina dhá fhofhine, na híbisí agus na corra; ach tá staidéir ghéiniteacha le déanaí ag caitheamh amhras ar an socrú, agus ag nochtadh na corra a bheith laistigh de híbisí an tseandomhain, agus íbisí an Domhain Nua mar craobh luath.
Speicis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fine: THRESKIORNITHIDAE
- Fofhine: Threskiornithinae - Íbisí
- GéineasThreskiornis
- Íbis naofa na hAetóipe, Threskiornis aethiopicus
- Íbis naofa Mhalagásach, Threskiornis bernieri
- Íbis naofa aonair, Threskiornis solitarius díofa
- Íbis naofa cheanndubh, Threskiornis melanocephalus
- Íbis naofa Mholacaíoch, Threskiornis molucca
- Mioníbis naofa Mholacaíoch, Threskiornis molucca pygmaeus
- Íbis dhealgmhuineálach, Threskiornis spinicollis
- Géineas Pseudibis
- Íbis ghoiríneach, Pseudibis papillosa
- Íbis Davison, Pseudibis davisoni
- Géineas Thaumatibis
- Ollíbis, Thaumatibis gigantea
- GéineasGeronticus
- Íbis cheallaigh, Geronticus eremita
- Íbis mhaol dheisceartach, Geronticus calvus
- Géineas Nipponia
- Íbis chíorach, Nipponia nippon
- GéineasBostrychia
- Íbis ológach, Bostrychia olivacea
- Íbis Bocage, Bostrychia bocagei
- Íbis bhroinnbhallach, Bostrychia rara
- Íbis hadada, Bostrychia hagedash
- Íbis sprochailleach, Bostrychia carunculata
- Géineas Theristicus
- Íbis scothghoirm, Theristicus caerulescens
- Íbis earrdhubh, Theristicus caudatus
- Íbis aghaidh-dhubh, Theristicus melanopis
- Géineas Cercibis
- Íbis earr-rinneach, Cercibis oxycerca
- Géineas Mesembrinibis
- Íbis ghlas, Mesembrinibis cayennensis
- Géineas Phimosus
- Íbis bhreacdhorcha, Phimosus infuscatus
- Géineas Eudocimus
- Íbis bhán Mheiriceánach, Eudocimus albus
- Íbis scarlóideach, Eudocimus ruber
- Géineas Plegadis
- Íbis niamhrach, Plegadis falcinellus
- Íbis chihi, Plegadis chihi
- Íbis Ridgway, Plegadis ridgwayi
- GéineasLophotibis
- Íbis chíorach, Lophotibis cristata
- GéineasThreskiornis
- Fofhine: Plataleinae - Corra leitheadacha
- Géineas Platalea
- Corr Eoráiseach, Platalea leucorodia'
- Corr bheag, Platalea minor
- Corr bhán,Platalea alba
- Corr ríoga,Platalea regia
- Corr bhuíchosach,Platalea flavipes
- Corr rósach, Platalea ajaja
- Géineas Platalea
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh Plataleidae ar an fhine Threskiornithidae roimhe seo. Measadh uair amháin go raibh baint ag na Corra leitheadacha agus na hÍbisí le grúpaí eile lapairí fadachosacha san ord Ciconiiformes. Fuair staidéar amach le déanaí go bhfuil siad ina mbaill den ord Pelecaniformes.[1] Mar fhreagra ar na fionnachtana seo, rinne an Chomhdháil Éaneolaíoch Idirnáisiúnta (CÉÍ) (Béarla:The International Ornithological Congress (IOC)) athaicmiú ar na Threskiornithidae agus a chomhthacsóin Ardeidae faoin ord Pelecaniformes in ionad an oird roimhe seo Ciconiiformes.[2] Ceist oscailte is ea an bhfuil nasc cómhalartach monafileolaíoch ag an dá fhofhine. Cuimsíonn iontráil an South American Classification Committee do Threskiornithidae an ráiteas seo a leanas; Two subfamilies are traditionally (e.g., Matheu & del Hoyo 1992) recognized: Threskiornithinae for ibises and Plataleinae for spoonbills; because the main distinction has to do with bill shape, additional information, especially genetic, is required to recognize a major, deep split in the family.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hackett, Shannon J.; Kimball, Rebecca T.; Reddy, Sushma; Bowie, Rauri C. K.; Braun, Edward L.; Braun, Michael J.; Chojnowski, Jena L.; Cox, W. Andrew; Han, Kin-Lan; Harshman, John; Huddleston, Christopher J.; Marks, Ben D.; Miglia, Kathleen J.; Moore, William S.; Sheldon, Frederick H.; Steadman, David W.; Witt, Christopher C.; Yuri, Tamaki (June 2008). "A Phylogenomic Study of Birds Reveals Their Evolutionary History".
- ↑ "Gill, F. & D. Donsker (Eds). 2010. IOC World Bird Names (version 2.4). Available at http://www.worldbirdnames.org/ [Accessed 29 May 2010].
- ↑ A classification of the bird species of South America. http://www.museum.lsu.edu/